rdfs:comment
| - Sagart, múinteoir, ceoltóir, bailitheoir ceoil, údar, agus gníomhaí ar son na Gaeilge ab ea Risteard de Hindeberg (nó Richard Henebry). Thug sé “Risteard de Hindeberg” air féin i nGaeilge toisc go ndúradh go raibh sé de shliocht an uasail Normannaigh Philip de Hynteberge (nó de Hindeberg), tiarna dhúiche na Rátha i gContae Átha Cliath sa bhliain 1250. Chabhraigh sé le bunú an Choláiste Gaeilge i nGaeltacht na Rinne i 1909. Rinne sé go leor taifead de cheol Éireannach ar shorcóirí céarach freisin. (ga)
- Risteard De Hindeberg (Richard Henebry) was an Irish priest, educator, Irish language activist, musician, collector, and author. He was born on 18 September 1863 in Mount Bolton, Portlaw, to an Irish-speaking family. He was educated for the priesthood in St. John's College, Waterford and in St. Patrick's College, Maynooth. He was ordained a priest at All Hallows College, Dublin, in 1892, and worked in Salford in Manchester. He pursued further studies in Germany at the universities of Greifswald and Freiburg, where he was awarded a Doctorate in Philosophy. (en)
|
has abstract
| - Sagart, múinteoir, ceoltóir, bailitheoir ceoil, údar, agus gníomhaí ar son na Gaeilge ab ea Risteard de Hindeberg (nó Richard Henebry). Thug sé “Risteard de Hindeberg” air féin i nGaeilge toisc go ndúradh go raibh sé de shliocht an uasail Normannaigh Philip de Hynteberge (nó de Hindeberg), tiarna dhúiche na Rátha i gContae Átha Cliath sa bhliain 1250. Rugadh ar 18 Meán Fómhair 1863 i mBarr Beithí, Port Lách, Contae Phort Láirge é, agus bhí Gaeilge aige ón gcliabhán. Fuair sé léann sagairt i gColáiste Eoin, Port Láirge agus i gColáiste Phádraig, Má Nuad. Oirníodh ina shagart é i gColáiste na Naomh Uile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1892, agus chaith sé tamall mar shagart i Sasana, ar dtús i ndeoise Salford, ansin in Whittington agus in Hulme. Rinne sé tuilleadh staidéir sa Ghearmáin in ollscoileanna Greifswald (le Rudolf Thurneysen) agus Freiburg (le Heinrich Zimmer). Scríobh sé tráchtas ar chanúint na nDéise, agus bronnadh céim dochtúireachta air. Deirtear gurbh é an chéad duine le Gaeilge ó dhúchas a rinne Ph.D. sa teangeolaíocht. Sa bhliain 1898, ceapadh é in Ollúnacht na Gaeilge sa Léann Ceilteach in Ollscoil Chaitliceach Mheiriceá in Washington, D.C.; ba é Ord Ársa na nÉireannach a mhaoinigh an ollúnacht. Bhí an post sin aige ar feadh tamaill ghairid sular bhog sé go hOllscoil Berkeley i gCalifornia. Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge Mheiriceá. Bhí an eitinn air ar feadh a shaoil fhásta ar fad, agus theip ar a shláinte tar éis thart ar bhliain in Berkeley. Dá bharr sin, d’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1903 agus mhúin sé ar feadh tamaill i gColáiste Eoin. Tar éis bhunú Ollscoil na hÉireann sa bhliain 1908, ceapadh é ar an gcéad ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Chabhraigh sé le bunú an Choláiste Gaeilge i nGaeltacht na Rinne i 1909. Rinne sé go leor taifead de cheol Éireannach ar shorcóirí céarach freisin. Fuair sé bás i ngar do Phort Lách ar 17 Márta 1916, agus cuireadh sa Charraig Bheag, Co. Phort Láirge é. (ga)
- Risteard De Hindeberg (Richard Henebry) was an Irish priest, educator, Irish language activist, musician, collector, and author. He was born on 18 September 1863 in Mount Bolton, Portlaw, to an Irish-speaking family. He was educated for the priesthood in St. John's College, Waterford and in St. Patrick's College, Maynooth. He was ordained a priest at All Hallows College, Dublin, in 1892, and worked in Salford in Manchester. He pursued further studies in Germany at the universities of Greifswald and Freiburg, where he was awarded a Doctorate in Philosophy. In 1898, he was appointed to the post of Chair of Irish of Celtic Studies at the Catholic University of America in Washington, D.C.; the Chair had been funded by the Ancient Order of Hibernians. He held that post for a short time before moving to Berkeley University in California. He became President of the Gaelic League of America. Henebry suffered from tuberculosis for his entire adult life, and partially because of this he returned to Ireland in 1903 and taught for a time in St. Johns College. Following the establishment of the new National University of Ireland in 1908, he was appointed the first professor of Irish in University College Cork. He helped set up the Irish Language College in the Ring Gaeltacht in 1909. He made many recordings on wax cylinders of Irish music. He died near Portlaw on 17 March 1916, and was buried at Carrickbeg, County Waterford. (en)
|